Edit this notice
The death has occurred of:

Seán Máirtín

MÁIRTÍN, Seán (An Charraig Dhubh, Co. Átha Cliath) Go suaimhneach faoi shárchúram Newtownpark House. Céile ionúin Chaitlín (nach maireann). Athair grámhar Finín, Caoimhe, Máire, Muireann agus Siobhán. Cúis mhór bróin a bhás dá chlann, dá bhanchliamhain Avila, dá gharchlann Feargal (agus a bhean Ali), Eimear, Cliona (agus Luke), dá chlann gharchlainne Con agus Éabha, dá ghaolta, dá chairde agus dá chomharsana dílse. Beidh sé á thórramh i dtigh tórraimh Massey Bros, Páirc an Bhaile Nua, An Charraig Dhubh ó 4pm go dtí 6pm Dé hAoine, 6 Deireadh Fómhair. Ceiliúrfar Aifreann sochraide Sheáin i Séipéal Pharóiste Charraig an tSionnaigh ag 10am Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair agus déanfar é a adhlacadh i Reilig Ghráinseach an Déin i ndiaidh an Aifrinn. “Ní imithe uainn ach imithe romhainn”   Ar dheis lámh Dé go raibh a anam dílis.

Privacy