Print this page
Edit this notice
The death has occurred of:

Tomás Ó Mearraí

Ó MEARRAÍ, TOMÁS, Ucht-Uí-Néill, Maigh nEalta, Co. na Mí agus Baile an tSiarlaigh, Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú. 19 Meitheamh 2020. Go síochánta in Ospidéal Mhuire Lourdes i gcuideachta Shíle, a bhean chéile le 51 bliain agus a n-iníon Eilís. Maireann a bhean chéile, a iníon, a dheirfiúr An tSiúr Teresa, SSL, (California), a dheartháir Enda (An Spáinn), neachtanna, nianna, deirfiúracha céile, deartháireacha céile, gaolta, comharsana, cairde agus baill Chairde Rince Céilí na hÉireann ar fud na hÉireann. Fágfaidh an tsochraid Halla Naomh Padraig, Ucht-Uí-Néill ar an Luan 22 Meitheamh ag 2 i.n. agus rachaidh sé go Séipéal na Deastógála, Maigh nEalta d'aifreann príobháideach (mar gheall ar shrianta COVID-19) ag 2.30 i.n., cuirfear é ina dhiaidh sin i Reilig Mhuire, Maigh nEalta. Craolfar Aifreann na Sochraide beo ar Meathtv.com "Ní bás ach athfhás".

Privacy